← Bhí pictiúir gan fhuaim ag teacht ón teilifís i gcoirnéal an tseomra sa bheár seo i mBéal Feirste, a bhí lán ó chúl go doras. 🔊✎
← D'amharc Jimmy ar na teidil a bhí ag teacht agus ag imeacht ón scannán roimh nuacht a naoi a chlog. 🔊✎
← Bhain sé súimín beag as an phionta a bhí roimhe agus smaointigh sé ar an léirscrios a bheadh ina dhiaidh sa bhaile. 🔊✎
← Chuirfeadh John, an duine ba shine acu, gasúr crua cadránta i gceann a cheithre mbliana, chuirfeadh sé ina héadan go deireadh, cé go mbeadh fáinní dearga fá na súile aige ar mhéad is a chuimil sé leis an tuirse iad. 🔊✎
← Ach ní raibh amhras ar bith ar Jimmy cé aige a bheadh bua na bruíne. 🔊✎
← Dá ndearcfadh sé ar an am a chuaigh thart, déarfadh geallghlacadóir ar bith go mbeadh an bua ag Sarah arís eile. 🔊✎
← Mhothaigh Jimmy i gcónaí ciontach nuair a chuaigh sé a dh'ól lena chomrádaithe tráthnóna Dé hAoine nuair a bheadh obair na seachtaine déanta acu; agus ba mhíle ba mheasa é ó tháinig an cúpla ar an tsaol sé mhí ó shin. 🔊✎
← Chan ea gur fear mór ólacháin a bhí riamh ann; níorbh ea. 🔊✎
← Gan fiú a chairde féin nach dtug "fear ólta sú" air a mhéad is a chloígh sé leis an mheasarthacht i ngnoithe ólacháin. 🔊✎
← Agus leis an fhírinne a dhéanamh, bhí oiread dúil sa chraic agus sa chuideachta aige is a bhí aige i gcaitheamh siar pointaí. 🔊
← Bhí a fhios aige go mbeadh Billy sa bheár go gcaithfí amach é nó bhí a bhean ar shiúl go Sasain a dh'amharc ar an ua da deireanaí dá gcuid. 🔊✎
← Rinne Jimmy cuntas ina intinn ar an deoch a bhí le fáil aige agus tharraing sé ar an bheár. 🔊✎
← Chuaigh sé a smaointiú ar an tsaol a chaithfeadh bheith acu sa bhaile; ní raibh a fhios aige cad é mar a thiocfadh leo suí ansin uair i ndiaidh uaire is gan scrupall coinsiasa ar bith orthu. 🔊✎
← B'fhéidir gurbh airsean a bhí an t-ádh. 🔊✎
← Ina dhiaidh sin, ní raibh an teach chomh maith sin nuair a cheannaigh siad é; ceithre mhíle punt a thug siad don Housing Executive ar son ballóige, féadaim a rá, a raibh brící sna fuinneoga ann. 🔊✎
← Ach ba é Sarah a rinne biale de, na cuirtíní a rinne sí as fuílleach éadaigh a cheannaigh sí ag aonach na hAoine, nó na cathaoireacha nach dtug sí ach deich bpunt orthu i ujumble agus ar chuir sí snas úr orthu. 🔊
← Ní raibh aon tseomra sa teach nár chóirih sí go raibh siad cosúil leis na pictiúir a tchífeá ar na hirisí loinnireacha ardnósacha. 🔊
← Anois, agus é ag fanacht lena sheal ag an bheár, b'fhada le Jimmy go dtaradh oíche Shathairn nuair a bheadh sé féin agus Sarah ábalta teannadh lena chéile ar an tolg ag amharc ar video agus buidéal beag fíona acu. 🔊✎
← Thug caint Mhicí mothú ciontach chun tosaigh in intinn Jimmy, cé gur mhaith a bhí a fhios aige gurbh iad Elizabeth agus Margaret na páistí ab fhearr a cuireadh chun tsaoil riamh. 🔊✎
← Bhí a n-aird ar an bhiachlár ghealbhuí fána lán mílitriú agus bhí siad ag cur is ag cúiteamh eatarthu féin fá cad é a cheannódh siad ar na pinginí a bhí fágtha acu. 🔊✎
← Bhí Liz, mar a thug achan chustaiméir uirthi, ag freastal - girseach scór mbliain, í díomhaoin, cé go raibh iníon bheag ceithre mblian aici, rud a d'inis sí do Jimmy i modh rúin. 🔊✎
← Ní raibh lá ruin aige an tseanchuimhne nimhneach sin a mhúscailt i gceann Liz - an stócach a bhí seal i ngrá léi agus a d'fhág ina dhiaidh sin í nuair a theann an saol go crua orthu. 🔊✎
← Bhí tost míshuaimhneach eatarthu agus bhí Jimmy sásta nuair a tháinig duine de na stócaigh óga chuige ag iarraidh mionairgead briste ar bith a bheadh fá na pócaí aige. 🔊✎
← Thiontaigh Liz a súil ó na stócaigh gharbha a bhí ag diurnú bhuidéal an Olde English. 🔊✎
← Chuaigh sé a smaointiú ar an chraos tine a bheadh sa teallach roimhe, agus ar an dá phláta agus an dá fhorc a bheadh réidh ag Sarah agus í ag súil leis na bhaile. 🔊✎
← Ba mhian leis luí aici agus inse di cad é chomh sona sásta is a bhí sé le linn iad bheith le chéile. 🔊✎
← Níor chuala sé an carr gan solas a bhí ag tarraingt air go fadálach as dorchadas na hoíche. 🔊✎
← Ní fhaca sé an splan solais, ach ar an tsaol seo dáiríre, scaoil stócach a raibh caint ní b aghraiflí aige ná an mhuintir a bhí sa teach itheacháin, scaoil sé urchar a shíob leath an chloiginn de Jimmy agus a d'fhág ina luí ar an tsráid reoite é. Bhí an fhuil ag púscadh ar an talamh fhuar liath agus ag meascadh lena raibh sna boscaí aluminium. 🔊